Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0259
- XML “An Gobán Saor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear annseo in Éirinn fadó ar a dtugtar Gobán Saor. Bhí sé ina chómhnuidhe in aice le Cill Alaidh i gCondae Mhuigheó. Bhí an Goban go h-an cliste ar fad le stuaim agus intleacht. D'imthigh sé go h-Alban ag iarraidh oibre dhó féin. Chuaidh sé in áit a raibh saorcha ag obair agus thosuigh siad ag gáiridhe faoi. Nuair a chuaidh siad chun a ndinnéir d'fhiafruigh an Goban díobhtha céard a bheadh sé féin a dheanamh go dtigeadh siadh ar ais. Dubhairt an mháigistir a bhí ó's cionn na lucht oibre leis cat agus dhá iarball a dhéanamh agus cat gan aon iarball ar bith. Nuair a tháinig siad ar ais agus chonnaic siad an rud a bhí déanta aige, in áit iad san bheith ag magadh air, bhí seisean ag magadh orra. Dubhairt an máighistir annsin leis na h-oibridhtheóirí , "Ní dhéarnadh aon fear riamh sin acht Gobán Saor as Éirinn agus má's é atá ann caithfidh sé máighistreacht na h-oibre fághail." Fuair sé sin, agus ní raibh aon caisleán ins an domhan a bhí níos(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Sgiréud
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway