School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0063
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche na Gaoithe Móire 7ad Mí na Nodlaig ‘37
    Ó Seán Ó’Cuinneagáin (m’atair fhéin) 68 bliadhain
    Dún-an-Tobair,
    Corr-an-Dulla,
    A fuaireas an sgéal seo.
    Oidhche na Gaoithe Móire, oidhche chinn an dá lá deag sa mbliadhain 1839 bhí stoirm mhór ar fud Cúige Connacht. Leagadh tíghthe agus crainnte agus báitheadh daoine. Ní raibh acht corr duine in ann teacht slán. Duine a raibh dídean le fághail aige. An oidhche sin bhí mo shean-athair leath-bliadhain d’aois. Bhí sé ins an gcliabhán agus bhí gach duine ag rith amach as an teach le fosgradh d’fhághail. Chuaidh gach duine sa teach siar go h’eascaidh a bhí in gar don teach, áit nach raibh crainnte. Nuair a shroicheadar an eascaidh chuimhnigh an mháthair annsin go raibh an páiste ins an gcliabhán. Chuaidh sí soir aríst ar a thóir agus thug sí léithi é agus bhí sé slán. ‘Seadbhí cionntach le oidhche na gaoithe móire ná, bhí oidhre mór ina chómhnaidhe I gCúige Connacht agus bhí sé imthighthe gan tuairisg. Bhí a bhean ceannasach uaibhreach dána go maith agus dúbhairt sí go gcaithfeadh sí é d’fhághail ar íochtar nó ar uachtar talmhan. Súibhail sí Cúige Connacht acht ní raibh a dhath ná a thuairisg le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. winds (~357)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Gender
    Female
    Address
    Bunatober, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cuinneagáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Bunatober, Co. Galway