School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0069
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An fear a bhí 'na chomhnaidhe sa teach seo roimh mo shean athair - Maghuidhir a bhí mar ainm air - bhí sé ag brionghlóid trí oidhche indiaidh a cheile faoí trí crocán óir a bhí istigh i nDun lár. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. D'ith sé a bhricfeásta. Fuair sé an laidhe agus síos leis go Dún láir. Dubhairt sé leis féin, "Is annseo atá an doras". Thosaigh sé ag obair ag caitheamh suas cloch agus créfóige. Ní raibh sé í bhfad ag obair nuair a chas íasg mór leis. D'íarr and t-iasg air céard a bhí sé ag dhéanamh. Dubhairt sé leis, "Tá mé ag dul í gcoinne an trí crocán óir atá istigh sa Dún". "Ní fheadfhaidh tú an t-ór fhághailt go rachfaidh tú abhaile agus go bhfuighfaidh tú trí buidéal uisge dom-sa" Nuair fuair an t-íasg an t-uisge d'imthigh leis agus ní fhaca an fear níos mo é. Thosaigh sé ag obair arís chomh cruaidh is d'féad sé. Bhí sé sgathamh maith ag obair nuair a chas cat mór leis agus dubhairt sé leis, "Céard tá tú ag déanamh", agus dubhairt sé go raibh sé ag toraidheacht an óir agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Informant
    Padhraig Ó Conaill
    Other names
    Padhraig Ó Conaill
    Tomás Aodh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Bohernamackagh, Co. Galway