School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0076
  3. XML “Naomh Fursa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé Naomh Fursa naomh pathrúin na háite seo. Rugadh é i Inse Cuinn oileán i Loch Coiribh. Bhí teampall aige i gCill Fhursa lámh le Áth-Cinn usáidtear é mar cill anois agus tá rian na sean mhainistreac le feiceál fós. Tá leath-taobh an bhalla agus binn ina seasamh fós. Thóg sé teampuill i Rath-madh ar an gcósta freisin.
    Ag an am seo thóg sé beirt páistí ón marbh. As Uachtar Ard do b'eadh na páisti agus báthadh iad agus bhí siad ceithre lá san uisge nuair a fritheadh na cuirp inaice le Rath-madh. Uaireannta bhíodh sórt aislingi ag Naomh Fursa agus dubrudh go raibh aisling aige ar Glóire na bhFlaitheas agus pianta Ifreann. Deirtear nuair a bhíodh sé i mainistir Cill Fhursa gur thug sé cuairt go minic ar Naomh Éanna a bhíodh i gCloch an Uabhair agus uair amháin nuair a bhíodh sé ag dul ar cuairt go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Filomena Ní Laimhthe
    Gender
    Female
    Informant
    Diarmuid Ó Laimhthe
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Ballyconlought, Co. Galway