Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Headford, Co. Galway
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0070
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhairt an cat nach racfadh sé níos fuide go bfaghfadh sé trí buidéal bainne dhó. Fuair an fear an bainne agus nuair fuair an cat an bainne d'imthigh sé leis agus ní fhaca an fhear níos mó é. Thosaigh sé ag obair arís agus bhí sé tuairim an fhaid ceadna ag obair nuair a casadh easóg leis "Cén diabhal atá tú ag dhéanamh", ars an easóg go feargach leis, "Níl mé ag déanamh rud ar bith acht ag toraidheacht ar trí crocáin oir atá istigh annseo." Chuir an easóg sgairt gaire as agus dubhairt sé nach raibh ór ann. "Thug tú h-eitheach", ars an fear, "Nar innsigh an cat mór agus an t-íasg go raibh sé ann." "O!" ars an easóg, "An raibh tú ag cainnt leis an iasg agus leis an cat" "Bhíos", ars an fear. "Gabh amach anois" ars an easóg agus tabhair coinín óg dom-sa". Fuair an fear an coinín agus thug sé dhó é. Nuair a fuair sé an coinín d'imthigh sé leis agus thosuigh an fear ag obair arís. Ní raibh sé í bhfad ag obair nuair a bhuail an laidhe í gcoinne rud eicín cruaidh. Céard a bhí ann ach cloch mór leathan. D'iompuigh sé é agus céard a bhí istigh faoí ach na trí crocaí óir. Bhí an chloc mhór in a bealach agus bhí sé dá impuidhe amach nuair rith isteach an t-íasg agus shuidh sé ar cheann de na crocaí agus in dhiaidh sin an cat agus an easóg agus shuidh síad ar an dhá cheann eile. Shíl an fear go raibh síad cuig uaire níos mó ná mar bhí síad í dtosach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Conaill
    Ainmneacha eile
    Padhraig Ó Conaill
    Tomás Aodh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bohernamackagh, Co. Galway