School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 095
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bhfuil léigheas san cholg - sé sin cuid de'n fuighleach áta fághta indiaidh lín a glanadh agus sé an t-ainm béarla áta air - "Tow". Tá bréid de Colg ceangailte ort san oidche mar léigheas ag súile nimhneach.
Tá sceul ag baint le "Colg". Nuair a bhí an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Seosaim ag teiceadh as Eigipt leis an leanbh Iosa cuaidh siad go toighe ag iarraidh loistín. Bhí fear an toighe an-cinealta agus dubhairt sé leobhtha go raibh sé buadhartha nach raibh áit fá réir dobhtha istigh act go rabh sciobol annsin agus neart colg ann agus go dtiocfadh leo fanacht ann go maidín. Rinne siad amhlaidh agus codhluigh siad go sámh go maidín. Ar imtheacht dobhtha ar maidín ba mhaith le fear an toighe fághail amach cé iad fhéin agus sé an freagra a tugadh do - "Bean Mhín Fear Borb, agus Mac Dé ina luighe sa Colg". Thug siad buidheachas do'n fhear, thug a mbeannacht do'n colg, agus d'imthigheadar.- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Cloghan, Co. Donegal