School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 046
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Fear a bhí ann agus bhí sé na bhaintreabhach. Ní rabh aige acht aon ghasúr bheag amháin.

    Fear a bhí ann agus bí sé na bhaintreabhach. Ní rabh aige acht aon ghasúr bheag amháin. Cómh luath agus d'éirigh sé mór d'imthigh sé agus ní rabh sgéal ar bith le fagháil uadh. Oidhche amháin Nodlag d'éirigh sé an-uaigneach agus buadarthach. Dar leis féin go racadh sé áiteiginteacht nach aithneochadh aon nduine é. Chuaidh sé trasna na gcnoc. Tosuigh sé ag plúchadh sneachta. Tháinic sé fhad le fear ar an bhealach mhóir agus lód mine leis. Shiubhail sé leis ar chúl an trucaill agus thainic siad fhad le caimhse. Tionntuigh an fear a rabh an trucaill leis suas agus lean an fear eile é. D'iarr sé air loistín a thabhairt do fa'n bhoiteach nó áit ar bith.
    Dubhairt sé nach gcoinneachadh sé locht siubhail ar bith. Chuaidh an fear trasna go teach eile a bhí ann agus chuaidh sé isteach. D'iarr bean an toighe theacht aníos u'n na teineadh. D'fiafhruigh sé an gcoinneachadh sí é go maidín agus dubhairt sí go gcoinneachadh agus an cinéal áite a bhí aici gan a sparáil. Tosuigh sé ag innse dithe fa'n rud a d'éirigh do. Dubhairt sí gur tútách é oidhche Nodlag. Dubhairt sí go rabh mac s-aice féin ar shiubhail freisin agus an sgéala deireannac a fuair sí go rabh sé gortuig agus go ghcreidea(?) sí go rabh sé marbh.
    Ó bféidir go mbéadh sé annseo roimhe am codhalata ars an fhear. Rinne sí tae annsin d'iarr sí orta uiligh cruinniú thart fa'n tábla. D'iarr an fear uirtí giota a thabhairt do in a láimh. D'iarr sí air theacht aníos agus a sháit a ithe. D'éirigh fear an toighe amach annsin nuair a bhí siad réid. Tá Pádruig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Brighid Níc Giolla Chaoil
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Donegal
    Informant
    Anna Ní Luaigh
    Gender
    Female
    Age
    62
    Occupation
    Cniotálaí