School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 283
  3. XML “Áitainmneacha Eile”
  4. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag a bhun. Ins an t-samhradh bíonn cuid mhór uaisle ag déanamh iongantais de'n áit seo, nó tá sé go deas gleoite thart fá dtaobh de.
    An Pháirc Lár:- Seo páirc atá ar fheirm m'athar. Tá páirc Sheamuis Uí Gallchobhair ar an taobh dheas dí, agus páirc Éamonn Uí Gallchobhair ar an taobh eile.
    Na Fearacáin:- Sin píosa beag talaimh agus trí fhosgladh ann agus idir na foscailtí seo fásann féar beag deas glas agus bíonn eallach ag inghilt eatorra.
    An Pollán:- Sin an áit a bhfuil cuid mhór páirceanna beaga indiaidh a chéile. Tá an áit cineál crochta agus tá bun na bpáirceanna cineál (crochta) ina bpoill mhóra fharsainge. Ins an Geimhreadh bíonn locha beaga uisge ag a mbun seo agus shilfeá gur locha iad a bhí ann ariamh.Ghníthear curadóracht ins na páirceanna beaga seo, agus bheir siad bárr maith coirce agus préataí uatha comh maith le rudaí eile nach iad.
    An Sgraith Luing:- Sin áit mhór, bhog nach dtiocfadh le duine nó le gamhain seasughadh ann. Nó dá dtéigheadh siad síos faoithe, go bráth ní thiocfadh siad anios.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ainmneacha Áiteanna
    Tá siad seo uilig ar an Ardaidh Bhig i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoilidh
    An Dam:- Áit a bhí ag na daoine fadó ag déanamh líon. Bhí sruthán 'na rith ann agus áit amháin bhí an t-uisge stapaidh aca.
    "Árdán mhór Uí Bhaoghaill";- Tugtar an t-ainm sin air siocair gur ag a bhun a bhí teach Uí Bhaoghaill. Is ann fosta a cailleadh an Baoghlach a am laethe breághtha Samhradh ag amarc ar an fhairrge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig Ua hArlaí
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal