Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 287
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mín - na -Lárach an baile fearthainn agus Cloich-Cheann-Fhaoilidh an pharóiste
1. Is iomdha dual ar do chuigil:-
is iomdha sim smaointuighadh ar inntin duine nach bhfuil fios ag duine eile air
11. Is dána gach madadh ag na dhoras féin.
Bíonn an madadh ag tafant le gach duine a thig chun an toighe. Acht má fhágann sé an teach ní bhéidh móran tafant aige.
111. Bean Domhnaigh, caora Shamhraidh agus bó Fhoghnhair trí nidh nach dtig a thógadh.
Bíonn an bhean cóirighthe go deas an lá seo. Níl fhios ag aon duine cia aca tá sí maith ag obair nó nach bhfuil. Bíonn an chaora go breágh ins an tsamhradh agus sílfidh duine go bhfuil sí mór sin i gcomhnuidhe. Bíonn an bhó ramhar agus croiceann deas glan uirthí ins an fhoghmhar agus síleann daoine gur bhfiú í a cheannacht.
1111. Is feárr suidhe ar an sgáth nó ar an bhlár.
B'fheárr do dhuine suidhe ar fhosgadh bata nó suidhe ar an talamh an áit nach mbéadh fosgadh ar beith aige. Chonneochadh an bata an méid a thiocfadh leis de'n ghaoith uait.
v. Is olc an baile nach feárr ná an t-aonach .
Ce bé mar thiocfaidh tú leis an bhaile ní fannocaidh tú i bhfad i dtoigh na muinntire eile. Tá an duine i bhfad níos eolaighe i n-a thoigh féin nó tá sé i dtoighe eile.
V1 Éist le fuaim na h-abhna agus gheobhaidh tú breac.
Is doiligh éan a chur amach as an tor nach bhfuil sé ann. Féadann tú do dhícheall a dheánamh leis an éan a chur amach as an chrann is deacair é do dhéanamh. ta sé mar an gceudna le gach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal