Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 308
- XML “Tuilleadh Lucht Siúil”
- XML “Bia na nAinmhithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin a gcuid cupaí agus cannaí stáin. Cruinnighean cuid mhór daoine isteach a dh'éisteacht leo.
- Biadh na n-AinmhidhtheBa ghnáthach leis na seanduiní fadó báirnigh a thabhairt dá gcuid muc nuair a bhíodh gaile salach aca. Baineadh siad lán scála báirnigh agus chuireadh siad síos ar an teinidh iad go dtí go n-éireochadh guil ortha. Bhaineadh siad na sligeáin asta annsin agus bheireadh siad an súbh agus na báirnigh ar maidín agus san oidhche dé'n mhuic. Chuireadh siad anuas ar na preataí iad.
Ins an earrach bhaineadh na daoine col-faithche fá choinne bainne a bheith ag a gcuid eallaigh agus fosta préataí bruithte nuair nach mbiodh aon rud eile aca. Chuireadh siad uisge galach ar an chol faithche fá choinne í a sgalladh agus an súbh a bhaint aistí. Bhrúigheadh siad aitinneach fosta Bheireadh siad leo casúr mhóra adhmuid agus chaitheadh siad leac trom a fhághail fosta. Bhuaileadh siad an aitinneach leis na casúir mhóra seo go ndéanadh siad go mion é. Deirtear gurab é sin an biadh a b'fhéarr fá choinne an bainne.
Nuair a thigeadh an galár garbh ar na caiple fadó, bhaineadh na seanduiní gairléog agus chuireadh siad an súbh agus leann dubh meascaidhe fríd a cheile, isteach i mbuidéal agus chuireadh siad i mbolg na gcapall é. Bheireadh siad leo tae láidir agus sóid fríd a chéile, amanna eile, agus ghníodh siad an cleas ceudna leis. Biadh eile fosta a bheireadh said daobhtha{?}(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall