Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Cuntas Eile ar Dhaoine Cáiliúla”
  4. XML “Rinceoirí Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an rása. Bhí cúpla suine eile sa rása fosta acht thuit siad amach i lár an rása. Tá fear ar oileán Innis-Bó-Finne agus tá sé iongantach maith ag snámh. Pádraig Ó Colla is ainm do. B'fhóbair gur báitheadh é tá naoi mbliadhna o'shoin. Séamus Mac an Bháird as Oileán Thoraighe an rinnceóir ab fheárr a bhí annseo le cuimhne na ndaoine. ba gnáthach leis a bheith ag damhsa i gcuideachta na n-iasgáirí thiar, ag teacht lucht faire na gCuan-Mhachaire Rabhartaigh. Ní rabh aon duine sa chuideachta a bhuailfeadh amach é
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Rinncéirí Cáileamhla.
    Aon uair amháin bhi bean 'na comhnuidhe ag Mám a Chaisil. Eibhlín Sheimísín Colm a b'ainm dí. Bhí sí ar na daoine a b'fhéarr a bhí ins an tír ariamh ag damhsa. Bhí fear eile i gConnachta agus ba h-é a bh'fhéarr ins an chúige sin ariamh ag damhsa. Ní rabh muinntir Chonnachta sásta tabhairt isteach annsin go dtiocfadh le muinntir na h-áite seo iad a bhualadh amach ag damhsa. Aon uair amháin bhí damhsa mór le bheith ag muinntir Chonnachta agus thug an fear sin cuireadh do'n bhean a dhul siar le fágháil amach cé a b'fhéarr. Nuair a thosuigh an damhsa ba ag an fhear a bhí an chéad seans agus ba h-é an cúrsa a d'iarr s e "Beatha an Tinncléire". Thoisigh an bheirt aca a dhamhsa agus nuair a bhí deireadh thart ag an chéad chúrsa bhí an bhuaidh léithe. Bhí an dara seans aicí agus is é an cursa a d'iarr sí a dheánamh "An colamán ar an Ghafta". D'éirigh seisean fosta acht ní rabh sé ábalta a dhul nios fuide. Ní thiocfadh leis an cúrsa a dheánamh ar chor ar bith. Bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal