Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Póstaíocha”
  4. XML “Cuntas Eile fá Phóstaíocha”
  5. XML “Fir Cháiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cunntas eile fá phóstaidheacha.
    Lánamha ar bith a phósfar oidhche Mháirt-na-h-Inide mara ndóirtear fuil éan éigin an oidhche sin go mbídh siad dileóu[?] a choidhche. Tá sin ráidhte. Gheibheadh an bhean mar spré fadó fiche púnt de airgead, cupla caora agus bó nó beirt agus ba cheart do'n mháthair eudach-leaptha a thabhairt díthe. Ta sé ráidhte n'ár cheart d'on fhear an bhean a fheiceal ó oidhche an dála go lá an phósta. Bhíodh an bean cóirighthe i gculaith ghlas caorach nó mainte "Caimlit". Bhíodh na fir cóirighthe i gculaith bhainín bhrocaigh. Tá céad bliadhain ó shoin bhíodar ghá bpósadh ins na toighthe. Bhíodar dá bpósadh gan bróga fadó acht nuair a thoisigh siad ghá gcathadh chaithfeadh an greusaidhe a theacht chun an toighe agus iad a dhéanamh. Ba ghnáthach leis an cailíní eudach iasachta a bheith ortha mar go rabh siad ag rádh go rabh ádh ann. Bhí sé de ghnás fadó bunnóg aráin choirce a bhriseadh ar cheann na mná a phósfaidhe agus is an cheád bhaithteoir a ba cheart é a dhéanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fir Cháileamhla.
    Bhí fear d'arbh ainm Tomás mac Suibhne i n-a chomhnuidhe " Faoi Chnoc" (" Knockfola") agus bhí sé iongantach maith ag siubhal. Nuair a bhíthear ag deánamh an bhóthar iarainn ó Dhoire go Ailt-an-Chorráin [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Ghallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal