School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 276
- XML “Áitainmneacha Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhán, rannaidhe, Mullanach, Creag an Mhullanaigh, An Méalla mór, an Scairbh, an t-ardán, Cur -na--máinleach, Gob-na-dumcha, na bun[?]
Gárradh Bán:- Seo gárradh beag a bhfuil claidhe thart air agus gan aon nídh curtha ann. Is fada an la ó cuireadh a dhath ann agus sin an fáth gur baisteadh an "Gárradh bán" air.
An Pháirc Bheag:- Ta an pháirc seo thoir ag taoibh an Easáin. Ní rabh mórán méide inntí agus bhaist an fear ar leis í an "Pháirc Bheag" uirthí.
Gárradh Sheáin:- Is fada an lá an gárradh seo deánta nó tá an fear ar leis í marbh le ceithre sgór bliadhain. Seán an t-ainm a bhí ar an fhear seo agus tá "Gárradh Sheáin" baistighthe air ariamh ó shoin.
Mul-na-h-ae:- Mullach atá annseo a bhfuil poll mór thíos ag a bhun. "Deir na daoine gur ghnáthach le áithcheanna aoil a bheith ann fad ó shoin agus gur bhaist na seandaoine "Mul -na-h-ae" air.
Gárradh Úr: ba le fear darbh ainm Proinsias an gárradh seo: bhí seanghárradh aige agus annsin nuair a rinne sé gárradh eile bhaist sé an "Gárradh Úr" air.
An t-easán beag:-Gleann atá annseo agus cuid mhór aitinigh ag fás ar gach taobh de. Tá sruthán ag dul fríd cuid agus é ag tuitim le fánaidh mar béádh eas ann. Bhaist siad "An t-Eascán" air annsin mar nach rabh ann acht eas beag.
An t-easán mór:- Tá sé seo cosamhail leis an cheann dheireannach acht go bhfuil sé níos mó agus go bhfuil níos mó uisge ag rith fríd.
Cur -na-Leathaigh:- Seo caol fada ag dul amach i dtráigh(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Mhaolcharain
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal