School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 252
  3. XML “Seanchleasannaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    achan duine suidhe síos agus a dhá chois a shíneadh uaidh. Annsin bhíodh duine in-a sheasamh agus é ag rádh seo le achan chos agus cos a dtuitfeadh an focal deireannach uirthí chaithfidhe a chur isteach: Annsin nuair a bhi na cosa uilig istigh acht ceann amhain, no chaithfeadh ceann amhain a bheith amuigh ar sgor ar bith, an té a mbíodh an chos sin air sé a chaithfeadh tomhas cibé focal a chuirfeadh an dream eile air, nó muna bh'freaghóchadh chaithfidhe amach as an chleas ar fad é.
    Cleas eile " Ag cur amach an coirce"
    Seo cleas agus ba ghnáthach é a imirt go coiteannta ins na toighthibh faire fadó, agus go fóill, fosta. Achan duine ag caitheamh suas rud éigin do'n duine eile a rinne sé nó ar chuala sé é ag rádh, fá choinne náire a bhaint as. Sheasuigheadh fear nó bean i lár an toighe agus beilt aige. Annsin nuair a chaitheadh duine rud suas do'n duine eile agus gan freagra aige-san fá na choinne sin gheibheadh an duine sin buille maith sa druim. Is cuma caidé an rud a rinne tú nó a d'innis tú 'do dhuine eile, is cuma caidé comh h-olc nó comh náireacht leis chaithfidhe suas duit é.
    Ag dalladh éanacha ins an oidhche.
    Seo cleas agus tá sé ghá chleachtú go indiu fosta. Ins an oidhche théid na h-éanacha isteach i bpuill i bhfolach fá choinne fosgadh agus dideán a bheith acú ar fud na h-oidhche. Is ghnáthach leis na gasraí beaga a ndalladh le soluis. Gheibh siad lanndéirí, agus lampaí eile cosamhail le cupa agus coinneál lasta istigh ann agus gloine treasna ar bhárr an chupa. Nuair a thig siad fhad leis an puill cuirfidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallachobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal