School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 235](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_235.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 235
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 235
- XML “Fir Cháiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé ag obair ar an bhealach thuas í Mín-na-Cuinge agus bhéadh sé thuas annsin ar a h-ocht fá choinne lá oibre a dheánamh. Bhéadh sé sa bhaile an oidhche sin aríst
Deir siad go dtéigheadh Anna Ní Dhúbhchan amach go margadh Leitir-Ceanainn le na fircín ime go ndíoladh sí é. Gheibheadh sí an luach a ba aoirde ar an mharghadh air. Bhéadh sí sa bhaile i nDruim - na- searradh" ar a cúig a chlog de shiubhal cos. Bhí fear i dToraigh aon uair amhain darbh ainm "Seán na Cruite" nó Seán O Curráin. Bhí sé iongantach láidir. Bhí se ábalta dhá chéad meadhcháin a thógáil gan cos a chur thar an chois eile agus iad lán, Thógadh sé leis ceithre chéad meadhchain mine buidhe, dhá chéad faoi gach ascaill agus é ag léimnigh agus na rith. Deir siad go dtáinig cruit air cionnus go rabh sé ag tógáil na málaí troma seo. Tháinig sé amach chun an Chraosloigh a cheannacht capall. treasna na trágha a tháinig sé i gcurrach agus gan aon duine leis acht é féin. Cheannuigh sé an capall. Chuir sé faoi i dteach de chuid Machaire -Rabhartaigh an oidhche sin. D'éirigh sé ar maidín go luath agus bhí sé i dToraigh sula ar éirigh aon duine ann, leis an chapall agus an churrach.
Bhí daoine eile ann fosta d'arbh ainm clann Ua Brian. Deirtear go dteachaidh fear aca darbh ainm Seosamh amach go Leitir-Ceanainn agus cheannuigh muc bheag. Amach cúl na Mucaise a chuaidh sé. Thug sé leis idir a dhá láimh í go dtáinig go Machaire-Rabhartaigh aríst. Chuaidh sé isteach sa churrach agus bhí sé astoigh roimh an oidhche. Bhí sé an-ghasta ag siubhal agus fosta ag iomradh.
Deir na daoine go ndeachaidh Séan Ó Dúbhchán(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Aodh Ó Ghallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal