School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 230
  3. XML “Táirgí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá ór eile curtha sa Ghárradh Mór i ndúmhaigh Mhachaire-Rabhartaigh. Níl fhios ag na daoine mórán fá dtaobh de, gur fada ó cuireadh ann é. Fuarthas ciste óir i dtaisce ar Oileán Riach, thall faoi Ghort-an-Choirce am amháin. Sé an dóigh a bhfuarthas é. Rinne fear brionglóideach oidhche amháin, dá mbéadh sé thall in-Albain i n-a sheasamh ar a leithéid seo de dhroichead go bhfuigheadh sé a shaidhbhreas a choidhche. Comh luath agus d'éirigh sé ar maidín rinne sé réidh agus d'imthigh sé agus níor stad sé nó go rabh sé an droichead seo. D'fhan sé ar an droichead sin gach lá indiaidh an lae eile ar feadh sé lá agus bhí fear amháin ag dul amach a's asteach chuig a chuid oibre agus rinne sé iongantas do é bheith i n-a sheasamh annsin gach lá. Chuir sé ceist air caidé a bhí sé a dheánamh i n-a sheasamh annsin gach lá, agus d'innis seisean an scéal go iomlán dó. Dubhairt an fear leis go rabh sé amaideach bheith i n-a sheasamh annsin. "D'innseadh damh-sa i mbrionglóideach", ar seisean, "D-á mbéinn thall i n-Éirinn i n-a leithéid so de áit ar a dtugann siad Oileán Riach go bhfuighinn pota óir ann, acht leoga, ní thug mise isteach dó." Annsin d'imthigh an fear eile anall chun an bhaile arís. Ní dhearn sé stad nó moille nuair tháinig sé chun an bhaile nó ní raibh i bhfad le dhul aige go dtí an t-oiléán. Thug sé leis spád agus pholl sé síos i lár an oileáin nó go bhfuair sé pota an óir. Thug sé leis chun an bhaile é agus bhí oiread lúthghair air go dteachaidh sé go dtí teach na comharsan a dh'innse caidé a fuair sé. (Thá fear) Tháinig fear na comharsan leis nó go bhfaca sé an t-ór. Ní rabh léigheann ar bith ag an fhear a bh'fuair an t-ór agus bhí léigheann ag an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal