School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 27
- XML “An Bábhún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Bádhbhún
Bhí fear de Chlainn Mhic Giolla Bríghde i na chomhnuidhe i bpobal Ghaoth Dobhair a dtugtaoi an bádhbhún mar leas-ainm air. Mhair sé i n-aimsir an droch-shaoghail nuair a mheath bárr na bpreataí i nÉirinn.
Bheir boichtíneacht air ins an cruth go mb'éigean do gabhail ó dhoras go doras a iarraidh déirce. Bhí an áit seo iongantach bocht ins an am agus cuid mhór d'á chineál ag gabhail thart agus ba deacair déirce a thabhairt uilig dóbhtha.
Dar leis go mb'fhearr do imtheacht leis go conndae Thír Eoghain. An chead teach a dteachaidh sé isteach ann, cuireadh ceist air car bh'as é. Dubhairt sé gur as Dún na nGall a tháinic sé.
h-Iarradh air a dhul arais go dtí a chonndae fhéin, sin na go teach na mbocht. Dubhairt siad go rabh go leór le(continues on next page)- Collector
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antoin Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal