Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Mar a Fuair Tulaigh an Leachta A Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thoisigh an rideal agus ghread síos ar an urlár é. D'éirigh sé agus bhí a cnamha iongantach nimhneach. D'imthigh sé amach ar an doras agus ní theachaidh sé a gcomhur ní ba mhó.
    Sgríobhnóir: Bríghid Ní Dhughain, Cró Phadruig, Clochán Liath.
    Sgéalaidhe: Caitlín Nic Ailín, Croich-Shlighe. 50 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mar a Fuair Tulaigh an Leachta A Ainm.
    Lá ceo amháin chuaidh bean de Chloinn Uí Chumhaill amach a chuartughadh a cuid eallaigh agus d'fhág sí a ingean istoigh ina diaidh. Nuair a b'fhada leis an ingean bhí sí gan a theacht dar léithe go rachadh sí amach a chuartughadh a máthara.
    D'imthigh sí léithe agus an ceo ag druidim thart uirthí, agus í ag fanacht le na máthair a castail díthe; ach tháinig a máthair bealach eile 'un an bhaile. Acht d'imthigh an ghiorsach léithe fríd an cheo agus í ag cuartughadh a máthara ar fad. Tháinig an oidhche go gasta, agus dhruid an ceo thart uirthí, agus chuaidh sí ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Mín na Manrach, Co. Donegal
    Bailitheoir
    Bríghid Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal