Scoil: An Ceann Garbh (uimhir rolla 13954)
- Suíomh:
- An Cionn Garbh, Co. Donegal
- Múinteoir: Maighréad Nic an Bhriathartaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chailín a bhí ar fástóidh léithí an chaorach-dhubh a thábhairt isteach agus go márbhuighóchaidh siad í. Annsin nuair a bhí an an caorach-dhubh coirighste aca chuir siad an ceathradh cuid díthe isteach i bpóta mhóir. Nuair a bhí dórchadas na d-oidhche ag teacht tháinig Seaghán arais agus shuidhe sé ar mhullach an timliachair. Cúpla bomaite i na dhiaidh sin tháinig an mhaighistir sgoile agus bhí buideál mhór uisge beathach leis. Annsin rinneadh tae dó agus chuaidh sé féin agus Aibhlinn síos go dtí an tseomra leis an tae a ghlácadh agus dfhán an chailín fástóidh ins an chistinigh agus dúbhairt Aibhlinn leithe go dtiocfadh léithí an caor-fheoil a thógáil nuair a bhéadh sí bruidhthe.
Bhí Seághan ag éisteacht leis an cómhrádh ar fad agus é i na shuidhe ar mhullach an t-imliachair, agus bhí fhios aige fóta go rabh an maighistir sgoile agus Aibhlinn ag íthe agus ag ól ins an t-seomra, agus go mbéadh sé iongantach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire T. Níc Dáibhid
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chomairce, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Máire A. Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18
- Seoladh
- Mín an tSionnaigh, Co. Donegal