School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 10
- XML “Scéal 4 - Taibhse Bhunglas”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dha fhear ag deánamh póitín istigh i mBun-ghlas. Nuair a thainig sé go déidheannach san oidhche d’iarr fear acú ar an fhear eile (ghabhail) dul abhaile agus a shuipeár fein íththe agus a shuipeár-san a thabhairt fhad leis.
D’imtigh sé.
Ní rabh sé ach ar siubhal nuair a thainig rud éigin go béal theach na stille. Bhí fhios aige nach déagh rud a bhí ann agus thoisigh sé ag craitheamh braon beag uisge coisgreachta n-aghaidh agus bhí’n rud fanacht ar gcúl. D’aithin sé annsin gurb e’n t-óganach dubh a bhí ann.
Nuair a chonnaic m’óganach an t-uisge coisgreachta ag éirigh gann thoisigh seisean ag éirigh níos dána.
Bhí damhach mór dé uisge glán ag na thaobh agus dhoirt sé an braon beag a bhí aige isteach ann. Nuair a chonnaic an diabhal go rabh’n fársingeacht aige d’imtigh sé suas na splánnc teineadh an ált agus é ag tamhaint.
Níor fhás a’n ghiob féir ar a lorg ariamh ó shoin. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.