Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fintragh, Co. Donegal
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 110
- XML “Na Préataí”
- XML “Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nightear arán as preátaí.
- Cuireann muid preataí ar an fheirm sa bhaile. Ullmhuigheann mo dhearbhráthair an talamh in a gcóir. Cuirtear aoileach ar an talamh roimhre. Bheirtear leas boithighe agus leathaighe agus leas siopa air. Cuirtear síol na bpréataí in iomairí, agus cuirtear trí sraith i ngach iomaire. Cuirtear aoileach ar a mhullach agus cuirtear creafóg ar bhárr an iomlán. Ghnidhtear na h-iomairí le spád.Bhíodh céachta adhmaid ann fadó
Níor dheineadh na ramhainní; ceannuigheadh iad. Gearann tú na préataí do réir mar tá síol ionnta. Bíonn cuid de na sciollann mór, agus bíonn cuid aca beag. Bíonn an spád in do láimh dheas agus an sciollann in do láimh eile. Ghnidheann tú poll leis an spád agus cuireann tú an sciollann isteach ins an pholl, agus líonann tú na poill. Ní chabhruigheann na comhursain lé chéile ag cur na bpréataí.
Cuirtear spray ortha i gcoinnibh an duibh. Baintear iad le spád agus annsin toightear iad agus cuirtear isteach i bpoll iad. Ar tús roimhear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Irene Nic Aonghuis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballyara, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Aonghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Ballyara, Co. Donegal