Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Meenacahan, Co. Donegal
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé an bhocht...

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an bhocht. Bhí sé pósta bhí cúig duine cloinne aige. D’iarr an bhean air an bhó sin a thabhairt go dtí an t-aonach agus í a dhíol. Maidin amháin d’éirig an fear seo go luath agus d’imthig leis go dtí a t-aonach. Ach ma cuaidh féin níor díol sé. Nuair a bhí sé ag teacht a bhaile casadh gasúr air agus bhí fhios ag an gasúr go rabh an fhear séo bocht. Dubhairt an gasúr leis an fear seo go racadh sé féin go dtí teach an fir bocht agus cuaidh. D’iarr an gasúr ar an fhear teacht amach leis agus an muileán a tháisbeant dó. Cuaidh an gasúr síos go dtí an muileán thug leis dá mála plúir. Annsin táinig an muilteóir fadh leis agus dubhairt sé leis go dtearn sé sin go maith aréir. Caithfidh tú anocht dul agus dhá chaoraigh a tabhairt amach as páirc agus béid dhá fear ag amarch ort. Cuaidh an gasúr ag marcuidheacht ar chapall caith ceann de na fear oidreach thuit an gasúr ó’n capall agus leig sé air go rabh sé marbh. Annsin nuair a connaic an dhá fhear é d’imthig leobhta an méid a bhí in a cnamhaid. Annsin thug an gasúr leis an dhá caoraig táinig an muiltín suas fhadh leis ar maidhin rinne tú sin comh maith aréir caithfeadh tú gabhail anocht agus braileán atá faoi mé agus mo bhean é a tabhairt leis, maith go leor áirse an gasúr. Cupla lá roimh sin cuireadh fear beag fuair an gasúr an fear beag bí gunna ag an muileann nuair a leig an gasúr an fear beag síos an tseimléoir sgaoil an muilltin oidreach thuit an gasúr síos an tseimléoir shíol an fear gur a béid an gasúr a bhí ann. D’iarr an bhean ar é a chur táinig an gasúr eile isteach tharraingt sé leis an bhraileán annsin táinig an fear isteach agus lós sé cipín solas agus connaic sé go rabh an braileán ar siubhail. Cuaidh sé suas fhadh leis an gasúr ar maidín lá ár na barach agus marbh sé an gasúr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mheadhachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamur, Co. Donegal