Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 272
- XML “Seaghan Mac Goldrick”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ceithre sgor bliadhain nó níos mó ó bhí Seaghan Mac Goldrick in a shagart paróiste ins an Pharóiste a bhfuil muid in ár gcomnuidhe ann. Oidhce amháin Foghmháir tháinig teachtaire fa na coinne ag iarraidh air dul cuig duine tinn a bhí in a chomhnuidhe in abainn Ruaidh ar chúl Cnuic na Beinne Boghaine.
Mar ba ghnathach leis chuaidh sé ag marcaidheacht an chapall donn a bhí aige ar feadh níos mó na sgór bhliadhain. Bhí sé fhéin agus an capall ag iarraid gear shean. Nuair a fuair sé fadh leis an abhainn Ruaidh agus nuair a thug sé a beannacht do’n duine tinn phill sé arais le dhul abhaile. Bhí sé annsin indiaidh an meadhon-oidhche Oidhche reabh ghealaighe a bhí ann. Thiocfadh leis bother Bheinn Boghaine fheiceáil ag síneadh roimhe. Bhí sé ag radh a paidhre nuair a stad an capall agus í sgannruighthe.
D’amharc sé roimhe go bhfeiceadh sé caidé a bhí cearr agus chonnaic sé o cheann an chapaill fhad as a thiocfadh leis a fheiceail mílte de daoine beaga agus achan daoine ag marcuidheacht ar capall. Coisrioc an sagart é fhéin agus tug seo uchtac do agus arsa seisean leis na daoine beaga “In ainm Dé caidé a tá cur buadhartha oraibh”. Labair duine amhain acu agus dubhairt sé, “A shagart dílis tá muid mílte bliadhaintaibh ag spaisteóracht an t-saoghal seo anois agus béidh muid milte eile ann agus an t-am sin uilig tá cust amhain ag cur buadhartha ar(leanann ar an chéad leathanach eile)