Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 574
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Grinn
Bhí fear díthcéallach ag dul thart timcheall ceithre scór bliadhian ó shoin darbh ainm Séamus Donn. Lá amháin dubhradh leis dhul go dtí teach i n-Gort-an-Chárn i gcómhair spád. Bhí Feadógaí mar leas ainm ar na daoinibh do bhí sa teach seo agus dúbhradh le Séamus gan Feadógaí a rádh cé bíth rud eile a déarfadh sé. Bhí go maith. D'imigh sé agus nuair a bhí sé sgathamh beag istigh thosuigh sé ag rádh go raibh faitchíos air go ndéarfhadh sé é. Ar deireadh d'fhiafhruigh muintir an thige dhe cén rud a raibh faitchíos air go ndéarfhadh sé, agus dubhairt Séamus go raibh faitchíos air go ndéarfhadh sé "Feadógaí". Dhíbir muintir an tighe é ansin agus ní bhfuair sé aon spád.- Bailitheoir
- Máire Ióspephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Átha Buí, Co. Mayo