Polasasí i leith ábhar maslach

Tugann an suíomh seo rochtain phoiblí ar ábhar stairiúil cartlainne a thiomsaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann agus a chomharbaí. Ba chóir d’úsáideoirí a thuiscint go léiríonn an t-ábhar cultúrtha seo gnáis agus luachanna ón tréimhse agus ón gcomhthéacs inár bailíodh é. I gcorrchás tá caint agus steiréitíopaí diúltacha i gceist atá maslach sa lá atá inniu ann.

Tá gach iarracht á déanamh ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) a cheart a thabhairt don dualgas atá orainn ár dtaifid a chur i láthair go dílis, agus dár ndualgas i leith na n-úsáideoirí agus dóibh siúd a sholáthraigh ábhar cartlainne. Chun comhthéacs sóisialta agus stairiúil ár mbailiúcháin a chosaint, agus chun slánchúis an ábhair a fhoilsítear ar dúchas.ie a choimeád, níor leasaíodh an bunábhar cartlainne ar bhealach ar bith. Tá léiriúchán dílis de na taifid atá faoinár gcúram riachtanach chun muinín inár gcartlann agus inár gcuid oibre a chinntiú agus a chothú. Ag an am céanna, déanaimid ár ndícheall rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí faoi ábhar maslach nó anacrach. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh muid míreanna leochaileacha atá inár gcuid taifead a chur i gcomhthéacs ar dhá bhealach:

  • Trí chomharthaí athfhriotail a chur le téacs maslach nó dímheasúil, agus
  • Trí lipéid shoiléire agus rabhaidh a chur le míreanna anacracha.

Tá an cur chuige leagtha amach sa pholasaí seo bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, agus tá polasaithe i dtaobh ábhar maslach ó chartlanna foirmeálta agus pobail curtha san áireamh, in éindí le dioscúrsa acadúil comhaimseartha ar an ábhar. Is ábhar tábhachtach é seo do CBÉ agus do thionscadal Dúchas. Tá athbhreithniú rialta á dhéanamh ag fochoiste ar an bpolasaí seo, agus fáiltímid roimh aiseolas. Téigh i dteagmháil le eolas@duchas.ie má tá aon cheist agat faoin bpolasaí seo nó faoinár gcuid oibre.