Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Muiris Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “Liam Crotach an Ropaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I lár na h-ochtú aoise déag do rugadh ar an ropaire seo agus do do sáideadh isteach i bpriosún i mBaile Bhricín é i gCathair Portlairge. Ní nach iongadh is ar mhuintir na Chomairigh bhí an t-áthas mar níor staon sé acht ag déanamh leipigsior ortha. Bhí cúpla pluais aige i measc na sléibhte ceann aige taobh theas den baile Rath Ó Gormach agus tá loch gairid de ar a tugtar Loch an Chrotaigh agus bhí pluais eile aige in aice Cnochán an Phíopaire.
    Daoradh chun báis é agus bhí sé chun bheith crochdh go poiblí ar an gcnoc i mBaile Bricín. Bhí slua mór daoine ar an gcnoc agus do siúl an Crotach agus a gárdaí go dtí an t-árdán. Ar an árdán dó d'fhiafraigh sé den oifigeach an dtabharfadh sé cead dólabhairt leis an bpobal. Tugadh a mhian dó.
    D'fhiafraigh An Crotach den slua an raibh aoinne ó dúthaig An Chomairig i láthair agus más rud go raibh, teacht chun caint leis. Deirtear go raibh carn óir curtha i seilbh aige agus bhí sé chun cur in iúl do duine aca cá raibh sé i bhfolach aige. Ón lá san amach níor fuaradh é agus b'fhéidir ná fuigheadh go deo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge