School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go h-olc.
Do dheineadar fé dhéin an pháláis. Nuair a chuadar isteach sa pálás do bhí gúna ar phláta mhór i gcóir an cailín agus do cheapfá le féachaint air gur d'ór is d'airgead a bheadh sé déanta. Do bhí áthas an domhain ar an gcailín nuair a chonnaic sí an gúna breágh.
Do chuir Seán peidhre láimhinní air féin agus do rug sé ar an ngúna agus do chaith sé isteach sa teine é. Nuair a chonnaic na daoine an gúna breágh imthighthe do thosnuighdear ag gearán mar gheall air ach dubhairt mac an Rígh go raibh fios a ghnótha ag Seán, cé go raibh sórt bróin air in dhiaidh an gúna bhreágh ach ní dubhairt sé pioc.
Chuadar isteach go dtí an pálás ansan agus do sochruigheadh go bpósfaí iad mí ó'n lá san. D'imthigh an aimsear. Do bhí fhéasta mhór aca agus rinnce an oidhche sar ar pósadh iad. Do bhí an cailín óg(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí