Scoil: Bridgetown, O'Brien's Bridge (uimhir rolla 5997)

Suíomh:
Baile an Droichid, Co. an Chláir
Múinteoir:
Eamonn Mac Piarais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0587, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0587, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bridgetown, O'Brien's Bridge
  2. XML Leathanach 168
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Do bhíodh seanchas annso acht ní rómhinich...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    168.
    Do bhíodh seanachas anso acht ní rómhinic amh ag na seandaoine i dtaobh Athair Maitiú.imbéarla ar fad a bhíodh an caint sin .
    Is cuimhin liom roinnt bheag cainnte a bhí acu murbh na háite ná raibh an tinóil acu chun an gheallamhaint a thógaint uaidh.Thuas in aice an tighe mhóir de Mhuintir Spáid ceapa Chaoi do bhailigh na daoine idtosach ach béigin dóibh imtheachta as an áit sin mar n i raibh cead acu a bhaiiugheadh an chuige an gnó sain.
    Níor ceaduigheadh dóibh ann agus béigean dóibh aistriugadh siar go dtí Droichead ní bhriain ach níl a fhios agam cad é an áit annsin a bhí an tionóil sin ann.na fuil beannacht tighe mór ard uasal Bhriain boirmhe ar an obair da bharr sin níos soiléire buidheachas mór le Dia,leis am Mhaighdean ghlórmhar Níor thaitin leis an Athair Matiú gur diultuigheadh dó ann ag ceappa Chaoi.Níor airigh me trácht ar an mbliadhain a raibhre ann.
    D'airigh m'athair féin a rádh go bhfaca an tinóil a bhí ag athair Maitiú an ocáid sin cúpla míle ón áit sin ie ó bhaile uí cnáimhín ui artach.
    Do bhí an tathair maitiú an tam sain in Órd Naoimh Pronsais .b 'maitheas agus nach fadha an cuimhne a bhí ann i dtaobh fionnta agus ólacháin.Do bé ár príomhmanach árd naofa colm cille a mhúin do gaeadhealaibh gan stór a dhéanamh dá fhionnta ná suim a chur ionntu mar deochanna.Agus tá sé á rádh freisin i dtaobh righthe Oail gear na ólfaduist deoch ar bithe de fionnta in am cogaidh le na Dannuibh ba mharga leo
    deoch fíor uisge agus bheith gairid do tobar la an chatha .
    Do bhiodh na toibreacha ag na pagannacha ar fuid na tíre nuair a tháinig naomh pádraig go héirinn.
    do bhí dhá thobar ag áh Cille gallda ie baile an Droichead anois.Tá ceann acu a g an real tobar na súl a glaodh air ach ní deantear trusanna ann anois.
    Agus bhí tobar eile i bhfeirm an linigh anois agus do glaodhadh tobar naomh gall air.An cill a bhíodh ann bhí faoi choimirce naomh gaill.Seanbhean a raibh gaedhilge ó dhúchais aice agus do rughadh agus tógadann ag áth cille galla a dhinnis dom go raibh naomh gall fa-onóir ann 'gus na seandaoine agus an trácht acu mar gheall ar an naomh patrún .
    An Eaglais atá ann do tóghadh í timcheall 1830-32
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Piarais
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Droichid, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    An tAthair Máirtín Ó Maoldhomhnaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Baile an Droichid, Co. an Chláir