Scoil: Láithreach

Suíomh:
Láithreach, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Mrs Duffy
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Láithreach
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Scéul a 3.
    Bhí sean-fhear agus a bhean ina a gcomhnuidhe in Éirinn uair amháin dar bh'ainm Peadar agus Máire. Bhi mac aca dar bh'ainm Séamus.
    Lá amháin d'eirigh Peadar tinn agus chuir Máire fios ar an sagart. Nuair a tháinig an sagart thug sé an fhaoisidin agus an cumaine agus ceart a theampail dó agus dubhairt sé nach a chorp fuar san uaigh go mbeadh a anam thuas 'sna Flaithis.
    Nuair bhi an sagart imighthe chuir Máire fios ar an dochtuir. Nuair a chonnaic an Dochtuir Peadar bocht dubhairt sé nach mbeadh sé beó thar eis dha lá. Nuair d'imthigh an Doctuir sagairt Peadar ar a mhac. Rith Séamus chuige.
    'Eist liom a mhic arsa Peadar; nuair a bhios na mná a' cur cuirp 'san chomhra bionn siad ag ól acht tá ciall agus tuigbheail agat, agus cuir mo bheist a bhfuil na muincilli air agus mo chóta frís fan mo ghualainn in sa' chomhra beidh siad a' dith orm thuas nuair a thiocfas lá fliuch".
    Bhi Máire ag eisteacht; "Ara, a Pheadair na seirce" ar sise cha mbionn fearthainn ar bith sna Flaithis. "Dar mo coinseasa" arsa Peadar "muna mbeadh corr lá feartainne ann bheadh barr éadtrom aca. Ara, arsa Máire, cha mbionn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Lúcas Ua Cumascaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Tuaisceart, Co. Mhuineacháin