Scoil: Kilbaha

Suíomh:
Cill Bheathach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Pádraig Ceitinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 368

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 368

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilbaha
  2. XML Leathanach 368
  3. XML “Muirisín Fhóidre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Muirisín Fhódeire
    Sa tsean aimsir bhí fear beag agus a bhean na gcomhnuidhe in Iarthar Co. an Chláir in áit a dtuigtar Fódeire air. Bhíodh an firín seo ag taidhbhreamh go coitchianta go raibh poitín óir le fagháil fé chúinne Droichead Luimnigh. Sin é an droichead atá idir Co an Chláir agus Co Luimnigh. Sa deireadh thug sé cuaird ar Luimneach le súil go dtiocfadh sé suas leis an t-ór. Nuair do shrois sé an chathair do chrom se ag siubhal soir siar an droichead. thug fear fé ndear é, agus d'fhiafruigh sé de cian gnó a bhí annsan aige, nó cad b'as é. D'innis sé dhó go mbíodh sé ag taidhbhreamh go minic dá dtéigheadh sé go Luimneach go bhfaghadh sé pota óir fé chúinne an droichid seo. Dubhairt an fear beag leis ciall a bheith aige agus dul abhaile dhó féin, mar go mbíodh sé féin ag taidhbhreamh dá dtéigheadh sé siar go dtí Iarthar Co. an Chláir go bhfaghadh sé pota óir fé leac a bhí taobh amuigh de dhoruis Tighe Mhuirisín Fhóddeire.
    Bhí go maith, is ní raibh go h-olc. Níor léig Muirisín aon rud air. D'iompaigh sé ar a shál agus níor dhein sé stad na staonadh go dtí gur shrois sé a thigh féin. D'éirigh se go moch maidin lá'r na mhárach. Fuair se ramhain agus piocóid agus thóg sé an leach a bhí taobh muigh den dorus. Ní miste a rádh go raibh iongantas uathbhásac nuair a fuair se an pota agus é lán go beal de phíosaí óir. Thug se isteach an pota
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge