Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis

Suíomh:
Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tadhg Mac Garbhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Dún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tigh sa baile seo'gainne agus tá sé tógtha ar lios Muinntir Uí Lochlainn abhí ann go fíor deidhranaigh. Tá Mac Uí Riada pósta ann anois. Deirtear go mbíonn soillse breághtha mór timcheall an tighe sin gach oidhche.
    Té tigh eile ann tóghtha ar lios leis. Deirtear go raibh táiliúir 'na codladh sa tigh seo shuas a staighre oidhche. Thosnuigh duine éigin ag radadh (?) cloch leis an dtáiliúir. Ní fheacha sé aoinne ná ní chuala sé aon fhuaim an fhaid abhí na clocha á radadh agus i gceann tamall do labhair duine éigin as dorchadas na h-oidhche agus dubhairt se leis an dtáilliúir gan an doras d'oscailt feasta. Nuair a dhúshaigh an táiliúir lár na ??? bhí cos bacac fé agus deirtear dá n-osclóidís an doras ó soin go radfaí as an dteach muinntir a'tighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Léathaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín de Faoite
    Inscne
    Fireann