Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
- Suíomh:
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Mac Garbhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fé dheire chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé an scéal dó. Bhí sé ag iarraidh ar an sagart teacht go dtí an tighe ach ní thiochfadh an sagart leis.
D'fhan an sgéal mar sin ar feadh tamaill. Do bhíodh an bhó crúidhte ag an bhean gach maidin. Chuala an fear go raibh bean eile na comhnaidhe i gcaisleán agus bhí sí lán de dhraoidheacht. Chuaidh sé go dtí an bhean agus d'iarr sé uirthe Réidh a dhéanamh dhó. Ba namhaid an bhean so don bhean eile agus tháinig sí leis an bhfear agus d'aithnuigh sí an bhean i gcuma garrfiadh agus chuir sí as an dtígh. Mharcanaigh sí an bhean agus fuair an bhean bás cúpla lá na diaidh sin. Tréis báis dí do bhíodh girrfiadh aga teacht chun a tighe gach oidhche ar feadh cúpla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás de Barra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nóra de Barra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drumanure, Co. an Chláir