Scoil: Castletown (uimhir rolla 8535)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Seán Ó Broin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1798 ar lean. Bealtaine 1938Fuaras an sgéul ó mo mháthairCró na Cribín,
Inse Motholmog
55 bliana d'aois - obair sa mbaile
Cloneraney a tógadh í
a Máthair
Do rughád mó seán sheán uncle Antoine Ó Haccéad in Cróibhán in aice le Cual-na-Gréien. Ba len a áthair do bhí an feirm atá anois ag Liam Ó Mórdha. Nuair a bhí sé in a bhuacaill do cuireádh é cun gabann in aice leis an t-Inbhear Mór.Lá amháin nuair do bhí sé ag cur crúidh fé chapaill ní raibh aón tairngní aige. Do chuir a mháighistir é ar mhúin chapaill cun dul go dtí an baile cun tairgní dfáil. Do stad ar sluagh tíre é ins an Flask ag an crosaire ins an t-Inbhear Mór. Do dheineadar a ndíceáll cun chaidhp pice do cur air. Do bhí capall maith aige agus deiríg leis éoládh ón na saighdiúirí. Ón tam sin níor dhein sé aon oibre ach cuaid sé isteach ins na Carmánaigh agus do throid sé in a lán cogaid. Do marbhuigead in a dhiadh sin ag Cul an Daingean.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Braonáin
- Inscne
- Baineann