Scoil: Kilfenora (C.) (uimhir rolla 2156)
- Suíomh:
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mrs Conole
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilfenora (C.)
- XML Leathanach 251
- XML “Nótaí agus Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 251
Nótaí agus Pisreóga
Bás -An gallúnach agus an píosa éadaigh leis a níghtear an corp ,fágtar íad ar an taobh thoir de'n tighe in áit na siubhlann aon rud.
2.Nuair a síntear an corp amach cuirtear an ceann go dtí an taobh thuaidh.
3.Fadó síneadh an corp fé'n gclár ins an gcómhrann agus lasadh na cúig coinlí ar an gclár ós a chionn.
4. Nuair a thagann smolach isteach i dtig ,deirteara go bhfaighidh duine ins an tighe sin bás.
5.Deirtear nuair a bhíonn "winding sheet" ins an gcoinneal go bhfaighidh duine an tighe bás.
Socrad-Dá mbeadh dhá slighe ag an socraid chun dul go dtí an reilig ,ba cheart dul an slighe fada cunh na reilige.
2.Nuair a bhionn beárnaí ins an sochraid roimh teacht go dtí crosaire an bhóthair ,deirtear go bhfaighidh duine eile ins an tig sin bás sar a mbheidh an bhliadhain thart.
3.Nuair a bhíonn beirt fhear mór agus beirt fhear beag ag iomchur cómhran ,deirtear nach mbheadh an corp sin ag feacaint i dtreo éirghe na gréine nuair a chuirfí é.
4.Nuair a tógtar an corp amach ó'n tig no ó'n t-séipéal ,ba cheart na cosa a bheith ar tosach.
Uaig-Ceathrar fear chun í d'oscailt ,agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhroighneáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Thaidhg, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Thaidhg, Co. an Chláir