Scoil: Rathbaun (Mixed), Lisdoonvarna (uimhir rolla 15047)
- Suíomh:
- Rathbaun, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathbaun (Mixed), Lisdoonvarna
- XML Leathanach 287
- XML “<span class="exact">Laethanta</span> Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 287
Laethanta Áirithe
Laethanta na bo riabhaiche .Deir daoine áirighthe gur na céad trí laethanta tosaigh atá i Mí an Abráin.Ach deir daoine eile na céad aon deag do laetheanntaibh atá i Mí an Abhráin.
Seo an scéal na taobh.
Bhí bó ann fadó agus do tháinig Márta isteach mar leomhain .Nuair a tháinig an la deireannach do bhí áthais mór ar an mbaen.Dubhairt an bó "Ó ta Márta imthighte agus
níor mór an cailleamhaine é .Chur é sin braoin ar márta .Chuiadh sé go dtí Abráin agus d'iarr sé air trí laethanta ar iasacht air.Fuiar sé na trí laethanta go toilthineach ón Abráin .Do lean an droich -aimsear agus bhí an bó bocht ag fághail báis le n-ocrais agus ar deire na drochaimsear bhi an bó bócht marbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)