Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Mar a nGairmeadh Ainmneacha ar Áiteanna san bParóiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In allód i gCiarraidhe bhí fathach ina chómhnuidhe Is í an tslíghe bheatha a bhí aige ná creach do thógaint ó'n dúthaigh mór-timcheall air. Do ghoill sé seo ar na daoine ach bhí sé fuar acu a bheith a d'iarraidh stop do chur leis. Fé dheire chuireadar fios ar cheap na bhFéin, Fionn Mac Cumhaill, chun an fhathaigh do mharú. D'ulmhaigh Fionn é fhéin i gcóir na comhraice agus thiomáin sé leis. D'airigh an fathach go raibh sé a' teacht agus le neart feirge do thairric sé bolán carraige as an dtalamh chun é caitheamh le Fionn. Tháinig sé aniar ina choinnibh agus ag gábhailt thar Átha-an-tSléibhe do chonnaic sé Fionn chuige anoir. Bhíodar ag druidim le na chéile go dtí áit na mbonn: chuaigh an fathach ag tógáilt san dtalamh bog in aice puirt na h-abhann. Níor fhéad sé dul níos fuide. Chaith sé an charraig le Fionn ach leis an ndeabhadh, bhí a aimsiú neamh-bheacht agus thuit an chloch ar an dtalamh cúpla míle níos fuide soir. Thuit an fathach de bharr an iarracht a dhein sé. Ar leagan d'fhabhra bhí Fionn anuas air agus chuir sé a chlaideamh go colg ina chroidhe. D'éirigh sé abhaile go cnoc Almhain annsan. Tháinig madraí na seacht bparóisdí mar a raibh an fathach agus chuadar ó'n smior go smúsach ann. Stracadar ó'n na chéile é go dtí ná raibh aon dá pháirt de i dteannta chéile. Bhí lorga caithte ar phort na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge