Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
- Suíomh:
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Seo rud a bhíonn ar siubhal Oidhche Shamhna ag daoine óga...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Seo rud a bhíonn ar suibhail Oidhche Shamhna ag daoine óga. Fágtar trí báisiní, agus cuirtear cré i gceann aca, fáinne sa tarna ceann, agus uisce sa triomhadh ceann. Annsan aenne go mbeidh fonn air fios fhághail ar cad a bheidh 'na chómhair i rith na bliana, no cad a thuitfidh amach do roimh Oidhche Shamhna arís, cuirfear ciarsúir ar a shúilibh, agus annsan caithfidh sé dul fé dhéin na h-áite go mbeidh na báisíní. An fhaid a bheidh sé ag dul fá n-a ndéin athróchaidh duine éigin a bheidh láithreach, iad, i dtreó is ná bheadh a fhios aige cioca ceann go gcuirfeadh sé a lámh ann. Má cuireann sé a lámh sa bháisín go bhfuil an fháinne ann, pósfar é fé ceann bliadna; má cuireann sé a lámh san uisge, raghaidh sé thar fairrghe; agus má bhíonn sé de mhí-ádh air a lamh a cur sa cré, gheobhaidh sé bás. Buachaillí agus cailíní ionphósta go mbíonn an nós so ar suibhail aca.- Bailitheoir
- Máiréad Bean Uí Cathláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh