Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
- Suíomh:
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Seo rud a bhíonn ar siubhal Oidhche Samhna ag daoine óga...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Seo rud a bhíonn ar siubhal Oidhche Samhna ag daoine óga - cailíní agus buacaillí bheadh oiriúnach ar phósadh, cnó d'fhágail, agus iad a cur ag dóghadh ar lich na teine, féachaint cé hiad na lánúna a bheadh pósta fé dheireadh na h-Innide a bheadh acu, no blian ó Oidhche Samhna féin. Séo mar a deintear é. Fágtar dhá cnó, tugtar ainm buachalla agus ainm cailín go mbeadh caitheamh i ndiaidh a chéile acha, ar an dá cnó agus cuirtear ar lic na teine iad. Má dhógann na cnó i dteannta a chéile ar an lich gan corruighe, posfar an beirt i gceann bliadhna, acht má preabann duine aca ón duine eile ní posfar go deó iad bféidir. Má dhóghann na cnó i dteannta 'chéile, pósfar iad mar atá ráidte cheana, acht caithfear a fhágail amach an gcaithfidh siad a ré nádúrtha ar an saoghail i dteannta a chéile. Cun san a fhágáil amach, fagtar báisín uisce agus cuirtear an dá cnó dóigte isteach ann, agus má fhanann siad ar bhárr an uisce ní bfaghaidh siad bás go mbeidh a ré nádúrtha caithte, acht na thuiteann ceann aca fén uisce,, caillfear é nó í. Bíonn ana chuid grinn agus suilt ag daoine óga timceall ar an gcleas so Oichche Shamhna, agus is deas pléisiúrtha an caitheamh aimsire é.- Bailitheoir
- Máiréad Bean Uí Cathláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh