Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do thóg sé fan cluais le slais í.
Is na linn sin cé thiocfadh isteach sa cheardcha ach seana Nioclás na crúibe chun fhéachaint i ndiaidh a mhargadh le Liam.
Nuair a chonnaic Nioclas gor aibh Síle sínte ar a faid ar an dtalamh tar-éis dorn fhághail ó Liam fo dhein sé amach go mba cheart do páirt a thógaint le Síle i gcoinnibh Liam.
Do thosuig sé ar troid le Liam mar gheall ar bheith a' gabháil ar a bhean. Le na linn sin do bhuail sé Liam le slais i gan fhios do agus leag sé é.
"A bhligéard bheitheamhnaig", arsa Nioclás nách deas an obair e seo bheirt a' gabháil ar dhó mnaoi. Ní fhéadfainn seasamh a féachaint ort a' gabháil uirthe.
"Buail Liam", arsa Nioclás le Síle. Ní raibh an focal as a bhéal nuair aimsigh Síle Nioclás le slais den bhata fan leacain agus do sin sí é.
"Bhíodh san agat anois a seana dhiabhal mar gheall ar mo fear a bhualadh. Ní raibh aon ceart agat teacht eadrainn i n-aon chor. Ar nóin do marbhóchfá é d'á féadfá é os cómhair m'aghaidh amach agus má thá sé sin a' gabháil orm cad é sin duitse.(leanann ar an chéad leathanach eile)