Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiaidh a rádh leis go raibh sí marbh. Do tháinig an sagart ar a ghlúinibh a' tabhairt buidheachais do Dhia mar gheall ar an ola a chuir uirthe. Nuair a bhí sí leagaithe amach ar an mbórd ahá fiar agus (agus) ag na cómharsan. Do chuaidh sí go Maghchromdha é féin agus driotháir a chéile a' diarraidh an cómhra, agus tobac, agus píopaí cré, agus snaois agus mórán rudaí eile. Nuair a tháinig sé ó Maghchromdha go Béal Átha an Gaorthaidh bhí sé déanach san oidhche. Ní raibh aon lampaí ins na turcaillí an uair sin agus bhí droch beallach bóthair suas ó Béal Átha an Gaorthaidh go barr Céim Cora Bhuaile. Do bhí an oidhche dorcha is bhí an fear bocht féin ag duibhal i ndiaidh na turcaillí agus greim ag dríotháir a chéile ar an gcapall. Bhíodar tamall suas ó Béal Átha an Gaorthaidh nuair a shamhluigh sé duine a cuir a láimh isteach na phóca. D'fhéach sé mór-thímpeall air i's ní fheaca sé aoinne. Go gairid na dhiaidh san gur airig sé an duine a cuir a lámh na phóca airís. Thug sé iarracht ar breith ar láimh uirthe agus do theip air. An tríomhadh uair do rug sé ar an láimh agus cé bhéadh ann ach a bhean féin, agus dubhairt sí leis ná raibh sí marbh i n-aon chor fós na púcaí a bhí á breith féin leó agus ná béadh sí marbh go dtí dádhéag an oidhche sin. Dubhairt sí leis an tuisge beannuighthe d'fhághail agus fáinne a dhéanamh de ar an úrlár agus duine éigin d'fhághail i n-aon fheacht leis. Ar uair an dódhéag í féin do(leanann ar an chéad leathanach eile)