Scoil: Gurrán Easaigh (uimhir rolla 12053)

Suíomh:
Garrán an Easaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrán Easaigh
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Scéal”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amhain cúig no sé bhlian o shoin bhí mo athair ag scoruioct idtig bheag ata ar bharr an Line Nua. Bhí prátaí beirigthe ag bean a tighe. Dubhairt sí leis na daoine a bhí scoruioct ann "Tog pratai na spridhe" mar creid siad da n-iosfadh siad práta ins an tig scoruiocta ná bhfeicfeadh tú aon sprid ag dul abhaile dhuit. Bhí duine ann an oidhche sin d'arbhainm Donncadh Ui Cuimhin. Bhí sé ina chomhnuidhe i dtig ná bhfuil ann anois. Bhí an tig inaice Muintir Uí Grádhaig. Thóg sé cupla práta agus abhaile leis. Bhí sé ag rith abhaile agus na prataí ina laimh aige mar do bhí eagla air. Bhí sé inaice a tighe, nuair a thuit sé thar rud eigin. Cheap sé gur sprid a bhí ann, agus d'fhag sé na prataí ann agus rith abhaile. Maidin an lae indhiadh sin tháinig sé sios go dtí an áit in ar thuit sé agus cad a connaic sé ac asal ina luighe ar an mbothar agus na pratai thimcheall air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear inaice le Clanna Coillte uair amáin agus bhí proca mór oir aige.

    Bhí fear inaice le Clanna Coillté uair amáin agus bhí proca mór oir aige. Do cur sé é ins an áit ina mbead sé curta. Fuar sé bas. Cúaidh beirt fhear ag lorg an oir. Núair a tanadar go dtí an áit cad a bhíod ann ac tharbh mor agus ní feidir leo an ór dfagail. Níor baic aoinne leis an or o'shin i leith
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge