Scoil: Gurrán Easaigh (uimhir rolla 12053)

Suíomh:
Garrán an Easaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrán Easaigh
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Aimsir”
  4. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cluithcí laistig:- Púicín Súl: Cuireann duine amháin ciarsúir ar a shúil i dtreó is ná féadann sé aon rud d'feiscint, agus bíonn na páisti eile ag rith ar fuaid an tíghe. Bíonn an duine go mbíonn an púicin air ag iarraidh geim do bhreith ar duine eile. Annsan an duine ar a bheirtear greim, is éigin dó an ciarsúir a chur air. *Dalláin: Cuirtear cuig dálláin ar an mbórd i bhfhuirm croise. Annsann seasann duine duine cupla slat ó'n bhórd le trí pingne agus caitheann sé pingin in dhiaidh pingin ag iarraidh na dalláin do leagadh. Bíonn pointe amháin aige ar ghach cheann a leagann sé agus má leagann sé an ceann meadhon: bíonn sé phointe aige má leagann sé iad go léir. Annsan caitheann duine na pingne. An túisce ag a mbíonn fiche a'haon isé a buadh. Snakes and Ladders:- Tá cárta mor ann agus tá gach uimhir o a haon go dtí cead inte. Tá timcheall dodheag Snakes agus dreimire tarraingthe inte. Tá ceithre piosaí adhmad agus disle ann leis. Caitheann an céad duine an dísle agus an méid spotai spotaí a bheadh suas ar an dísle druidfheadh sé an piosa admaid abhionn aige fein agus gluaiseacadh an méid ceadna de céarnóga is abhionn spotai ar an dísle. Caitheann an duine eile an dísle annsan agus mar sin de. Da dtiocfhadh duine go dtí bun dreimire do ragadh sé suas agus da dtiocfhadh duine go dtí ceann an Snake do raghadh sé go dtí a eirball. An cead duine a geogad an céad do beadh an buadh aige sin.
    *Cuirc .i. corks.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Áine Uí Charthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cúl Méine, Co. Chorcaí