Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí alán acu briste agus do bhí ana fearg ar fad air.
Do tháinig sé airís go dtí an bhean agus d'fhiafhruig an bhean do airís chun rud éigin le n-ithe do thabhairt di ach dubhairt an fear léi ná tabharfhadh sé aon rud le n-ithe ach go dtabharfhadh sé batráil deas di a dhéanfhadh alán tairbhe di.
Do cheap an bean gur ag magadh a bhí sé agus do bhí sí ag fiafhruighe di go cruaidh an rud le n-ithe do thabhairt di agus do thug an fear batráil di agus do bhí sé á cur ó iomra go iomra agus do bhí sí leath marbh aige geall leis sa deire agus do bhí sé maith a dóthain di.
Annsan d'fhiafhruig an fear di cad é an ainim a bhí ar duine des na píléírí agus a séoladh agus d'innis sí do é agus do sgríg sé síos é agus annsan d'fhiafhruig sé di dul abhaile i n-aonfheacht leis agus do dtabharfhadh sé lóisdín di agus a dhóthain le n-ithe.
Do chuaidh Siobhán abhaile i n-aonfheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí