Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0531
- XML “Tadhg Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon lá amháin do bhí sé ag ithe a breicfeast agus do tháinig fear an phuist isteach agus do thug sé litir do agus d'oscail sé é agus do léig sé é agus isé an rud a bhí ann ná go raibh sé ró dhíomaoin ar fad agus ná déanfadh sé pioc agus go raibh fhios ag an saoghal mór gur bhí Máire a dhéanfadh gach aon rud.
Ní raibh aon ainm ag bun an litir ach líne. Bean ana-mhaith do b'eadh Máire agus ní dhéarfadh sí pioc leis.
Nuair a bhí an litir léighte ag Tadhg do chaith sé i dtreó na teine é ach do tháinig measgán éigin ar an litir agus níor chuaidh sé isteach ann in-aon-chor agus do cheap sé gur chuaidh an litir isteach sa teine.
Do bhí fhios ag Máire nár cuaidh an litir isteach sa teine in-aonchor agus do bhí sí ag fanamhaint féachaint an raghadh Tadhg amach chun go léighfeadh sí an litir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ní Críodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- S. Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78