School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 167
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...”
(continued from previous page)a bhuidheachas do bheith mar go rabhthas chum é leanamhaint agus go marbheóchfaí é siúraltha.(no title)
“Ar an gCarraig aneas do chómhnuigh blianta ó shoin fear darb ainm...”
Ar an gCarraig an eas do chómhnuig blianta ó soin fear darb ainm do Tomás Leanin. Bhí deirbhsiúr aige do bhí pósta le h-ais Dún-maonmhuighe. Coicthígeas roimh Nodlaig do mhairbh sé mart agus do thárla go raibh gnó éigin aige do thug do Dún-maonmhaige é cúpla lá tar éis an mhairt do mharbhúghadh. D'fág sé an tig ar a h-aon dheug isdoichche. Bhí capall agus trucaill aige agus bhí mac a dheirbhsheáthar na theannta
Bhíodh sé de nós ag na sean-daoine sa cheanntar so nuair do mharbhuigheadh duine acu muc nó mart i gcóir na Nodlag go ndéanfhadh sé cuid de'n fheoil do roinnt ar a dhearbhrathaireacha no a dheirbhsheáthrach agus do thóg Tomás píosa feóla chum é thabhairt do'n deirbhshiair. Bóthar Mhacha-na-Claidhe suas do ghabhadar agus ní rabhadar act leath mhíle nó mar sin soir ó'n t-sean-mhuillean nuair do bhí an capall ag tabhairt suas.
Ní raibh de ualach aige le tarrach acht an bheirt fhear agus an píosa feóla. Ní chuireadh an capall fiche slat de bhóthar de nuair stadfadh sé. Fé dheire thug Tómas fé ndeara go raibh(continues on next page)