School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 166
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...

    (continued from previous page)
    Bhí eagla air anois má bhí sé a ar éinne riamh. Bhí gach ribe gruaige ar a cheann na choilg-sheasamh agus allus ag tuitim de na shruthánaibh.
    Nuair bhí sé ag gabháíl thar an sgoil do bhuail triúr fear leis. Cheap sé ar dtúís gu'r daoine saoghalta iad agus d'fiafruig sé dhíóbh cad é an t-am é agus seo an freagra do fuair sé. "Am codladhta do bheóíbh agus am siubhail do mharaoibh. Ar an Insínairithín do comnuig sean-bhean darb ainm do Pheig Ní Mhurchadha agus nuair do tháinig sé chómh fada le tig Pheig do bhuail sé ar an ndoras agus d'oscaladh do é. Ní túisge chonnaic sé an solas ná thuit sé i laige i lár an urláir. Do bhain sé preabh a' Peig agus nuair tháinig sé chuige féin d'innis se dhi an anaithe do bhí fághaltha aige. Diarr sí air fanamhaint mar a raibh aige go maidean act tar eis an tuisge coiscr (?) do chrothadh ar féin thug sé a aghaidh ar an mbaile, agus istig sa mhaca roimis do bhí an bó d'fág sé sínte ar an mbóthar na dhiaidh.
    D'innis an bhean feasa dho ámh gur b'iad an triúr do bhuail uime ag an t-sean-sgoil ná triúr do bhí ag dul chum é chosaint agus gurbh orra san ba cheart do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish