Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí greasaidhe ‘na chómhnuidhe i nDroichead na Banndan úair agus bhí an mheas aige air féin. Do chuir sé gairmscoile amach a rádh go dtabharfhadh sé péire bróg don té a bfeárr a cúmfhadh amhrán do á mholadh. Núair a bhíod an t-amhrán déanta ag na daoine thagaidís chuige agus do léighidís amach do íad agus comeádthad sé íad feuchaint a dtagfhad aoinne eile le ceann níos ferr. Fé dheire, tráthnóna Dé Satharn tháinig stollaire d’alfraits agus dubhairt sé leis an ngreasaidhe “bhfuil peire bróg agat a dtabhairt úait don té is feárr a cumfhaid amhrán duit id mholadh.” “Tá” arsa’n greasaidhe. Táimse chun mé féin a thríall anois leis” arsa’n fear eile. “Maith go leór” ars’an greasaidhe “tabhair leat an t-amhrán núair a bheidh sé deanta agat. Deanfhad annso é as láthair mo bhonn. Raid leat mar sin
    Is tú an foltharach fannda gan féasóg,
    De shliocht meanuighthí reamhradh ‘gus brean bróg;
    Is follus don cheanntar gur fada tá breall ort,
    Droichead na Banndan is liathróid.
    “Ó ar O son an tsaoghail, seo dhuit íad” arsa’n greasaidhe. Bhí eagla air go ndéanfhadh sé an ríabhach air dá leanfhadh sé.
    Síle Ní Shúilliobháin, Drom-na-Cille, do scríobh 5-12-1938.
    Ó Seán Ó Chonchúbhair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Drom na Coille, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó concúbhair
    Inscne
    Fireann