Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal
    Bhí lánamha posta ann fadó. Bhíodar na gcómhnuidhe i mbothan beag cois abha. Bhíodar aosta go maith. Aon lá amháin leag an sean-duine air bheith ana bhreóite. Agus dúbhairt sé go raibh sé chun bás d’fagailt. Do leag an sean-bean uirthe go mbeadh ana uaigneas uirtí na dhiaid dá gcaillfí é. Do leag sí uirtí. Dá feadhfad sí féin bás d’fagail in’ ionad go mbeadh áthas uirtí. Bhí fhíos ag an sean duine gur ag leigint uirtí a bhí sí mar cladaire mór dob eadh í ar nos na sean mná go léir. Do deineadar margadh dá tagfadh an bás go ndéarfadh sé leis an sean-bhean a tógaint 'na ionad. An faid a bhí sí amach lá go tig comarsain d’eirig an sean-duine, chuaidh sé amach agus thug sé an coilleach agus bain sé na cleití ar fad de. Táinig sé isteach chuaidh sé sa leabaid arís agus nuair a tainig an sean-bhean isteach bhí sé san slighe gur dfág sí é. Dfág sí an doras oscalta. Lá ana fuar dob eadh é agus táinig an coilleach isteach mar dfag í an doras oscalta mar bhí sé leathta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann