Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Cogadh an Ghráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann an amhrain seo síos air an t-aon cath mór do thárliag in Uíbh Ráthach ar an nGrán idir Saidhdiúirí an tSaor Stát agus Arm na Poblacta i Feabhra 1923. Bhí an buadh ag na Poblacta P.6 in P.T.
    Cogadh an Ghráin

    1.
    An ceathramhadh lá Márta fé sléibhte an Ráidthín
    Do thosnuig an grascar is ar an nGrán do críochnuigheadh,
    Nuair a síonaig na páinig bhí i ngárda an ríogh,
    Chun Éire bhocht chráidte do choimead fé slabhraí.
    2.
    Níor faghad aon stactar ó Chorcaigh aníos,
    Ó’n Chláir go dtí an Ghaillimh is tímcheall Tráighlí,
    Ná go rabhthas a dtarrac i gcaitheamh trí mhí,
    Go dtí Workhouse na mBeathach is Cathair Saidhbhín.
    3.
    Bhíodar andeas ann ó tímcheall Neidín,
    Gleann Chártaig, Gleann Bheithe is anall thar Góilín,
    Bhíodar o’n gCurrán is cuid aca o’n Snídhim,
    Agus lán árthach cogaidh ó Dairbhre an Ghrínn.
    4.
    Bhíodar chómh tiuigh is do bheadh na druidí,
    Mór tímcheall na gCorra is Cíllog-Naidhbhín.
    Tír-na-Fhailte le fánaidh is soir Tíró-moill,
    Is adtuaidh tríd an Bhearna agus siar go Ráithín.
    5.
    Ní raibh poundar ná tomson na gunna machine,
    Ná go rabthas a dtarrac i gcaitheamh caoighthís,
    Ach dá mhéid é a ndóchas i bhfórsaí an ríogh,
    Bhíodar leóinte agus breóidte ag gabhail sios an gharraidhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Dála
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tOileán Buí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caol, Co. Chiarraí