Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Scéal - Dómhnall Ó Corcoráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    idir é agus tig a h-athar agus dá mbáil leis dul isteach innti agus fás bliana agus fás dhá bhliadhna agus fás trí mbliadhna de d’aois do bhaint agus iad do bhreith leis agus nuair a ragad sé isteach fhiafrú di i ragadh sí le’n a chois abhaile agus dá ndúiltuightheac sí breith ar fhás na bliana agus é smiot uirthi agus annsan munar ragadh sí leis breith ar fhás na dtrí mbliadhan agus é smiot uirthi. Annsan cuirfhinn geall go ragad sí le’n a chois abhaile.
    Tug Dómhnaill Ó Corcoráin go h-aon fhocal ó’n gcoileach agus dúbhairt sé ina aigne féin go ndeanfhad sé do réir comhairle an choilg. D’imthigh sé air agus bhain sé na slata agus rug sé leis iad agus nuair a chuaid sé go dtí an tig d’failtig athair a chéile roimis go tláth cúirteasach agus go h-aoinne eile a bhí sa tig acht níor chuir a bhean féin in aon chor isteach air. I giconn tamaill d’fiafruig sé dhi i rugadh sí leis abhaile.
    “Ní ragad” ar sise. “Cad a deineas as slíghe ort” ar seisean. Ar chuireas riamh as t-ainim thu nó ar bhuaileas buille ná busóg riamh ort. “Níor dheinis” ar sise “acht níor innis dom cad a chuir ag gairí thú. “Níor innseas an uair sin agus ní neósadh anois” ar seisean ag breith ar fhás na bliana agus ag tarrac uirthi, gur smíot sé fhás na fhás na bliana uirthi. D’fiafruig sé uirthi annsan i ragad sí leis. Dúbhairt sí na ragad. Rug sé ar fhás an dá bliadhan agus bhí sé ag tarrac uirthi chómh maith is bhí sé na ghéig an t-athair ar radh i gcomhnaidhe gan í spáráilt go dtí gur smiot sé fás a dá bhlian agus bhí sé ag bhreith ar fás na dtrí mbliadhan nuair dúbhairt sí go ragad sí leis. Seadh tháinig sí ar a cúlaibh ar a gcapall.
    Nuair a bhíodar ag deanamh ar an tig bhí a lámh ar a ghualainn agus bhothaig sí cnapán ar ghualainn a chasóige agus bhí sí ag méireamáil ar an gcnapainín go dtí gur bhain sí amach pé nídh a bhí istig ann agus chaith sí uaithe é, agus sé an rud a bhí sa cnapainín ná luibh a chuir bean ó’n saoghal eile a rug é treasna na h-abhann an oidhche a bhí sé ag teacht ó Corcaig agus ó’n lá san amach níor thuig Dómhnaill Ó Corcoráin aon nidhe ghadhar na luch na coileach agus mhairbheadar go síor crádhach an cuid eile dá saoghal.
    Scríbhte le Máirín Pádruig Uí Dála,
    Oilean Buídhe ó béal aithris
    Muiris Uí Chonaill, An Cilin Liath
    18-10-1936
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    AT0670: The Animal Languages
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Phádraig Uí Dhála
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Buí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Connaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí